Bhí ceiliúradh mór againn i bpobalscoil Móta arís i mbliana le Seachtain na Gaeilge. Thosaigh an seachtain ar an Luain an 9ú lá de Márta leis an DVD cáiliúl 'Des Bishop: In the name of the fada'. Cuireadh an DVD ar siúl sa léachtlann ag am lóin agus is fíor a rá gur bhain na scoláirí an-taitneamh as.
Ag am lón ar an Mháirt, d'fhill an cluiche cáiliúl 'Cé atá ag iarraidh bheith ina mhilliúnaí?'. Bhí an-suim ag na daltaí páirt a ghlacadh ann agus bhí go leor daltaí sa lucht féachana freisin chun tacaíocht a thabhairt dóibh. Bhí ceisteanna deacra le freagairt ach bhí an-áthas ar na daltaí ag fágáil le hairgead ag an deireadh.
An lá dar gcionn, bhí an seisiún traidisiúnta againn ag am lón. Bhí slua mór ann chun éisteacht leis na ceoltóirí agus chun féachaint ar na rinceoirí. Bhí grúpa mór ann ag seinm an bosca ceoil, an veidhlín, feadóg stáin agus an bodhrán. Chuir na rinceoirí taispeántas iontach ar siúl chomh maith. Léirítear an talann iontach atá againn i bPobalscoil Móta agus bhain gach duine an-taitneamh as.
Ar an Déardaoin, Bhí ‘X-Factóir na Móta’ ar siúl sa halla gleacaíochta. Ghlac go leor scoláirí páirt ann idir amhránaithe, ceoltóirí agus rinceoirí. Fuair David Minnock agus Ciarán Kelly an chéad áit; chan David amhrán as Gaeilge agus sheinn Ciarán an giotar. Tháinig Patrick Rabbitte sa dara háit nuair a sheinn sé an pianó agus tháinig Thomas McCormack sa triú áit lena rince sean-nós. Bhí slua mór ann chun féachaint ar an seó agus d’éirigh go maith leis an gcomórtas nua.
Bhí an scoil ar fad ar bís ar an Aoine mar bhí siad ag súil go mór leis an gcéilí mór. Bhí sé ar siúl sa halla gleacaíochta agus tháinig slua mór arís chun breathnú air agus chun páirt a ghlacadh ann. Bhí an-chraic ann ag déanamh rincí mar 'Staicín Eorna' , 'Ionsaí na hInse' agus 'Ballaí Luimnigh'. Bhí beagnach gach duine ag damhsa sa halla, fiú na múinteoirí!
Lean na himeachtaí ar aghaidh le 'Tráth na gCeist' a bhí ar siúl do na daltaí sa dara bhliain. Bhí ocht mbabhta ann agus bhí siad bunaithe ar réimse leathan topaicí cosúil le Eolas Ginearálta, Ceol agus Spórt. Fuair na foirne duaiseanna don chéad áit agus don dara háit agus is léir gur chabhraigh sé go mór lena gcuid Gaeilge a feabhsú.
Chomh maith leis na himeachtaí a bhí ar siúl, bhí go leor comórtais ar siúl i rith na seachtaine mar shampla comórtas seanfhocail agus comórtas postaeir. Bhí t-léinte speisialta 'Seachtain na Gaeilge' á chaitheamh ag na múinteoirí i rith na seachtaine freisin.
Tríd is tríd, is fíor a rá gur éirigh leis an scoil an Ghaeilge a chothú agus suim a spreagadh sna daltaí maidir leis an teanga arís i mbliana. Bhí seachtain an-taitneamhach ag gach duine agus is deas an rud é na scoláirí a fheicéail ag baint taitneamh as an nGaeilge.
Mar a deir an seanfhocal 'Beatha teanga í a labhairt!'.
n keeping with the tradition of previous years, ‘Seachtain na Gaeilge’ was celebrated in big style this year in Moate Community School. The events of previous years returned including ‘Who wants to be a millionaire?’ as Gaeilge, the traditional Irish music session which revealed the many talents of our students including musicians, Irish dancers and sean-nós dancing. The table quiz competition took place again and the traditional céilí mór was the highlight of the week. A new addition to the week was ‘X-Factoir na Móta’ which was very successful. There were many entries with students singing, playing musical instruments and even brush-dancing! Overall, it was an enjoyable week with a huge emphasis on the promotion of the spoken language and the Iris
|